Tacaíonn Bord Fiontar Chontae Chill Chainnigh (BFC) ar bhonn leanúnach leis an bhfreastal a dhéantar do bhunú, forbairt agus fás micri-fhiontair sa chontae. An Bainisteoir Chontae Michael Malone atá ina chathaoirleach ar an mBord agus tá ionadaithe air ó réimse leathan d'eagraíochtaí Stáit agus leathStáit maille le páirtithe leasmhara ón earnáil ghnó agus pobail áitiúil. Go sonrach cuireann láithreacht cheithre ionadaí tofa den údarás áitiúil le dlisteanacht dhaonlathach agus le cuntasacht an Bhoird.
Cuireann an Bord taca ar fáil chun an timpeallacht fiontraíoch chomh maith le bailíocht agus acmhainn forbartha bainistíochta gnóthaí beaga a fheabhsú Tá an Bord daingnithe anois mar chéad phointe teagmhála do ghnóthaí beaga, agus réimse leathan bearta taca gearrtha de réir riachtanais aige, idir bhuneolas agus chomhairle agus chúnamh i bhfoirm dheontais.
Cheadaigh an Bord cúnamh airgeadais ar luach €350,000 ina iomláine do 31 ghnó breise i 2004. Tá sé de phoitéinseal ag na tionscadail sin 61 phost lánaimseartha a chruthú nuair atá siad faoi lán seoil. Tugann sin an méid jabanna a chruthaigh an Bord sa 10 mbliana atá caite suas go dtí 930, ar chostas €5,600 in aghaidh an jab; luach iontach sin ar airgeadú an AE agus an Státchiste.
Ghlac 532 dhuine ina iomláine páirt i níos mó ná 35 chlár forbartha bainistíochta agus oiliúna eagraithe agus seachadta ag an mBord i 2004. Bhí Cúrsaí Oiliúna 'Start Your Own Business' ar siúl agus ansin bhí Oiliúint i 'Computerised Accounts' agus ó shin ar aghaidh go 'Financial Training' agus Cláir 'Sales & Marketing' le haghaidh Úinéirí Gnó. Is gnách go mbíonn na gnóthaí beaga is mó a mbíonn rath orthu á gcur chun cinn ag úinéirí a thugann suntas do mionrudaí, a mbíonn smachta bainistíochta cuí acu agus teicnicí pleanála gnó leagtha síos acu agus atá in inmhe dul i mbun gnímh go tapa i gcás athruithe. Mar sin cuireann na BFCanna 'dréimire' de bhearta taca ar fáil, a thugann san áireamh na céimeanna forbartha agus na cúinsí difriúla a bhaineann le cliaint dá gcuid agus ag an am céanna bíonn siad ag freastal orthu agus á spreagadh ionas go dtógfaidh siad 'céim aníos' go dtí an chéad leibhéal eile.