Pleanáil le Haghaidh Forbartha agus Don Todhchaí 2004

Printer-friendly versionPrinter-friendly versionSend by emailSend by emailPDF versionPDF version

Plean Forbartha Contae / Pleananna Limistéir

Buacphointí:

  • Glacadh le pleananna limistéir le haghaidh Bhaile Héil, Chnoc an Tóchair, Bhéal Átha Ragad, Inis Tíog agus Áth na nUrlainn.
  • Bhí comhairliúcháin phoiblí ar bun i Sliabh Rua, Ros Mhic Thriúin, Ceanannas, an Droichead Nua, Achadh Úr, Muileann an Bhata, Áth Stúin agus Baile Phóil.
  • Glacadh le Plean Limistéar Áitiúil le haghaidh Cheantar Iartharach Chathair Chill Chainnigh.
  • Táthar ag iarraidh ar ghníomhaireachtaí tionscail agus tráchtála go mbeadh baint níos mó acu le hullmhúchán Pleananna Limistéir Áitiúil.
  • Tá Gníomhartha Straitéiseach Contae agus gníomhartha pobail á ionchorprú i bPleananna Limistéir Áitiúil.
  • Athrú Uimhir 2 Glacadh le Bóthar Faoisimh Istigh Chill Chainnigh ar chuid de Phlean Forbartha Chathair Chill Chainnigh agus an Cheantair Máguaird é.
  • Cuireadh tús le athbhreithniú ar Straitéis Mhiondíola i 2004.
  • Cuireadh tús le athbhreithniú ar pharaiméadair an Straitéis Tithíochta i 2004.

 

Athnuachan Baile

  • Tá 25 thionscadal faofa go dáta faoin Scéim Athnuachan Baile.
  • Ba í 31 Nollaig 2004 an dáta deireanach maidir le cáiliú faoin scéim agus is é 31 Iúil 2006 an dáta atá ceaptha chun na hoibreacha a chríochnú.

 

Athnuachan Uirbeach agus Sráidbhaile

Buacphointí:

  • Tugadh faoi chéim 4 den chlár sé bliana. Tugadh tionscadail chun críche ag Gráig na Manach, Tulach Ruáin, Gráinseach Chuffe, Béal Átha Ragad, an Droichead Nua agus Dún Iomagáin.

 

Láithreáin Tréighe

Buacphointí:

  • Tá na cúig oifigí limistéir atá ag an gComhairle freagrach as láithreáin tréigthe le tacaíocht ó Innealtóir Feidhmeannach Sinsearach.
  • Eisíodh 103 fógraí faoin Acht um Láithreán Tréigthe i 2004.
  • Déanfar fiosrúchán faoi láithreáin tréigthe ar bhonn leanúnach agus cuirfear fógraí amach mar is cuí.

 

Caomhnú

Buacphointí:

  • Dháil an Chomhairle €103,070 faoin Scéim Dheontas Caomhnaithe maidir le struchtúr cosanta.
  • Cuireadh daichead a ceathair iontrála breise leis an Taifead Struchtúr Caomhnaithe.
  • Rinneadh Fardail Ailtireachta ar cheithre sráidbhaile agus rinneadh Staidéir Dhearaidh Uirbigh le haghaidh ocht sráidbhaile.
  • Cuireann Comhairle Contae Chill Chainnigh córas comhairliúcháin/comhairle phleanála ar fáil maidir le foirgnimh íogaracha agus le struchtúir chosanta.

 

Táillí Forbartha

Buacphointí:

  • Cuireadh an Scéim Ranníocaíocht Forbartha i bhfeidhm i ndáil le gach ceadúnas a tugadh amach i 2004.
  • Gearradh €6.7m maidir le táillí faoin scéim nua agus is airgead amuigh é ar an gComhairle.
  • Foilsíodh Dréachtscéim Ranníocaíocht Forbartha Cheantar Iartharach Chathair Chill Chainnigh i 2004.

 

Stiúradh Forbartha

Buacphointí:

  • Fuarthas 2,087 n-iarratas i 2004 (2,071 i 2003).
  • Fuarthas €956,738 i ndáil le muirir phleanála.
  • Tá rath ar an gcóras Clinic Pleanála atá ag feidhmiú ar bhonn leanúnach i ngach ceann de na hoifigí limistéir.
  • Cuireadh síneadh le huaireanta oscailte ag an gcuntar poiblí pleanála i 2004.

 

Forfheidhmiú

Buacphointí:

  • Fuarthas 238 ngearán nua i rith na bliana 2004.
  • Tugadh 213 chás chun críche i rith na bliana 2004.
  • Ionchúisigh an Chomhairle 11 chás go rathúil i rith na bliana 2004 agus tá go leor cásanna eile ag fanacht ar éisteacht cúirte. Ghearr an Chúirt gar do €14,500.00 idir fhíneálacha agus chostais.
  • Fuarthas níos mó ná €122,500.00 maidir le táillí choimeádta pleanála amháin go díreach mar thoradh ar chaingean Forfheidhmithe a rinneadh. Ag éirí as an gcuid is mó de na hiarratais sin bheadh ranníocaíochtaí forbartha dlite freisin.
  • Is de bharr go rabhthas sásta le nósanna imeachta na Comhairle maidir lena láimhseáil, a cuireadh críoch le cuid de na cásanna a ndearna Oifig an Ombudsman fiosrúchán fúthu.
     

 

Dul Chun Cinn I Teicneolaíocht an Eolais (TE)

Buacphointí:

  • Cuireadh EPlan córas nua Pleanála agus GIS de chuid Chomhairle Contae Chill Chainnigh atá bunaithe ar an idirlín ar fáil ar líne i 2004.
  • Cuireadh clár nua mapála de chomhaid Forfheidhmithe i bhfeidhm ag deireadh na bliana 2004, rud a chabhróidh go mór le foireann Pleanála caingne Forfheidhmithe reatha a aithint a mbeadh baint acu le hiarratais pleanála ar bith a bheadh beartaithe ar shuíomh faoi leith.