Scéimeanna Caipitil
Scéim Soláthar Uisce Dhroichead Binéid
Tá fógra maidir le hearcú Innealtóir Comhairliúcháin a ullmhóidh Réamhthuairisc curtha san O.J.E.C. Beidh agallaimh chun duine a ainmniú do phost an Chomhairleora ar siúl i Mí Márta 2005.
Gabhráin / An Droichead Nua / Baile Phóil
Tá Comhairleoirí i mbun obair dhearaidh faoi láthair chun an scéim a uasghrádú.
Scéim Soláthar Uisce Choill an Treoigh
Ag teacht lena bhfuil geallta againn don E.U. Committee on Petitions, rinneamar feabhsúchán ar bhonn leanúnach ar dháileoga ábhair cheimicigh, ar stiúradh próisis, ar córais ionstramaíochta agus teileméadrachta ag Planda Cóiriú uisce Choill an Treoigh, agus is maith linn a rá go bhfuil rath ar na hiarrachtaí a rinneamar. Comhairleoir ainmnithe le tuairisc a ullmhú maidir le uasghrádú ar sholáthar uisce do Chathair Chill Chainnigh agus don Cheantar Máguaird.
Planda Chóiriú Fuíoll Uisce Chill Chainnigh
De bharr méadú ar an ualach bíonn an planda ag feidhmiú go buan ag an ráta atá ceaptha dó nó gar dó sin. Tá an planda ceaptha bheith uasghrádaithe faoin gClár Infheistíochta Seirbhísí Uisce 2004-2006 i an clár reatha.
Scéim Séarachais Chill Mhic Bhúith
Tá an cúram maidir le earcú Innealtóir Comhairlithe aontaithe leis an Roinn Comshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Tá Innealtóir Comhairlithe/Ionadaí Cliant ainmnithe don phost.
Tionscadal Caomhnú Uisce
Tá fógra maidir le hearcú Innealtóir Comhairliúcháin a ullmhóidh Tuairisc Céim Staidéir curtha san O.J.E.C. Beidh agallaimh chun duine a ainmniú do phost an Chomhairleora ar siúl i Mí Márta 2005. Tháinig ísliú ar an meánmhéid uisce nach raibh tuairisc faoi i gCill Chainnigh agus sa cheantar máguaird ó 41.22% i 2001 go 34.25% i 2004.
Suiteáil príomhsholáthar nua uisce 500mm ag Bóthar Thobair Eoin, Cill Chainnigh
Faireachán Uisce Tuaithe
Tá Comhairle Contae Chill Chainnigh freagrach as riarachán líon áirithe de scéimeanna deontais agus fordheontais a bhfuil sé d'aidhm acu an earnáil Ghrúpscéim Uisce agus Séireachais a acmhainniú; de bhreis air sin tá an soláthar uisce á airgeadú ag úinéirí tithe aonaracha as a gcuid acmhainní féin.
1. Deontais le haghaidh Tobar Príobháideacha
- 148 n-iarratas
- 115 íoctha
- €165,854 líon na ndeontas íoctha
2. Fordheontais Ghrúpscéimeanna Uisce
- Rinneadh iarratas maidir le 36 ghrúpscéim i 2004
- €105,114 líon na ndeontas íoctha
3. Deontais Nua Grúpscéime nó Deontais Fheabhsúcháin
- Caiteachas iomlán €591,367 - Ar na Grúpscéimeanna a bhain leas as na deontais bhí Caisleán an Bhairínigh, An Baile Nua/Baile Obhain, Cathair Leisce/an Chuailleach, An Seisceann, Séarachas Dún Iomagáin, Domhnach Mór, Ráth Chluainte agus Baile Mhic Dháith.
Tionscnamh Maidir le Talamh le Seirbhísí
Is i 1997 a tugadh isteach an Tionscnamh maidir le Talamh le Seirbhísí a raibh sé d'aidhm aige dlús a chur le soláthar talún le seirbhísí le haghaidh cónaithe, an soláthar tithíochta a fheabhsú agus an brú ar phraghais tithe a laghdú. Cuirtear airgead ar fáil ón Státchiste ar ráta 40% de chostas faofa na hoibre. Íocann na hÚdaráis Áitiúla an iarmhéid as a gcuid acmhainní féin, go príomha trí thobhaigh forbartha.
Planda Cóiriú Fuíoll Uisce Bhéal Átha Ragad - Obair ar phlanda nua le freastal ar dhaonra de 2000 p.e. tugtha chun críche.
Planda Cóiriú Fuíoll Uisce Challainn - Bhí an obair uasghrádaithe críochnaithe den chuid is mó i 2004, tá an planda ceaptha bheith coimisiúnaithe i lár 2005.
Obair Thógála ar umar nua S.B.R. ag Planda Chóiriú Séarachas Challainn
Clár na Scéimeanna Beaga
Is é atá i gceist le scéimeanna beaga scéimeanna a mheastar a chosnódh níos lú ná €317,435. Faightear deontas de 75% ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus íocann an Chomhairle an iarmhéid as a cuid acmhainní féin. €1,132,400 méid iomlán an airgid a bhí le fáil i 2004. Ar na scéimeanna is tábhachtaí ar tugadh fúthu i rith na bliana bhí:
- Scéim Uisce agus Séarachais (SUS) Mhóin Choinn (Oibreacha Athchóirithe ag Cluain Easa)
- Malartú Phríomhsholáthar Uisce Bhaile an Phoill Céim 5
- SUS Chill Chainnigh. (Oibreacha Athchóirithe ag Coill an Treoigh)
- SUS Áth na nUrlainn/Bhaile Sheáin (Suiteáil 2 chaidéal)
- SUS Dhroichead Binéid (Malartú Príomhsholáthar Uisce ag Fearann an Bharúnaigh)
- SUS Bhéal Átha Ragad (Fál ag Oibreacha Uisce Bhéal Átha Ragad)
- SUS Bhaile Mhic Andáin (Malartú Príomhsholáthar Uisce ag Scioból an Bhrúnaigh)
- SUS Ghráig na Manach (Príomhsholáthar Nua Uisce ag an mBóthar Mór)
- Scéim Séarachas Inse an Talbóidigh (Malartú 2 chaidéal)
- Príomhdhraenáil Chill Chainnigh (Obair athchóirithe ar theach caidéil)
- SUS Bhaile Sheáin (Malartú Príomhsholáthar Uisce ag Baile Uí Spealáin)
- Malartú Príomhsholáthar Uisce ag Baile an Phoill Céim 6
Scéimeanna Uisce agus Séarachais
Cur Síos ar Scéimeanna Soláthar Uisce
- Líon na Scéimeanna 14
- Líon na dteaghlach ar a ndearnadh freastal 14,000
- Costas Obair Chothabhála ar Scéimeanna €3,248,607
Cur Síos ar Scéimeanna Séireachais
- Líon na Scéimeanna 12
- A chothrom i dTéarmaí Daonra 120,000
-
Costas Obair Chothabhálae €2,284,608