- Leabharlanna Poiblí Chill Chainnigh
- Cultúr
- Oidhreacht
Leabharlanna Poiblí Chill Chainnigh
Pointí Seirbhíse:
- Callainn
- Caisleán an Chomair
- Leabharlann na Cathrach, John's Quay
- Ceannáras Leabharlann an Chontae (Riarachán agus Staidéar Áitiúil)
- Gráig na Manach
- An Loch Buí
- Seirbhís Taistil
- Seirbhís Scoile
- Baile Mhic Andáin
- Áth na nUrlainn
Spás Do Cach
Baineann daoine úsáid as an leabharlann le haghaidh gach uile shórt: leabhar mór-éileamh nó clasaiceach a fháil ar iasacht; eolas faoi ionad saoire nó fostaitheoir ionchasach; úsáid a bhaint as an idirlín; teanga a fhoghlaim, eolas faoi thinneas a cheadú, d'ainm a cheadú ar chlár na vótálaithe; taispeántas nó seó a reáchtáil...níl deireadh leis. Tá fáilte roimh cách.
Mura bhfuil cónaí ort in aice ceann de na brainsí tagaimid chugat lenár Seirbhís Leabharlainne Taistil a stopann ag 60 áit ar fud an Chontae. Téann veain na Leabharlainne Scoile chomh fada le 9,344 daltaí bunscoile agus a múinteoirí 3 uaire in aghaidh na bliana ag malartú leabhar.
Is í an ghníomhaíocht leabharlainne is coitianta bheith ag fáil leabhair ar iasacht, ach is féidir freisin CDanna ceoil, caiséid agus irisleabhair a fháil nó is féidir nuachtáin a léamh sa leabharlann. Tá leabhair mór-chló, leabhair taifeadta, cúrsaí teanga, roinnt CD-ROManna agus fístéipeanna oideachasúla ar fáil freisin. Tá Ranna Tagartha cuimsitheacha againn freisin agus is féidir leis an bhfoireann cibé rud a theastaíonn, bíodh sin ina ábhar staidéir, ina ábhar taighde, ina díol suime, nó fiú más le haghaidh spraoi é, a aimsiú.
Tá an Roinn Staidéir Áitiúil ag Ceannáras Leabharlainne an Chontae ar cheann de sheoda na seirbhíse. Más i mbun oibre ar thráchtas le haghaidh Céim sa Staidéar Áitiúil tú nó ag scríobh stair pharóiste áitiúil, má tá spéis agat tuairiscí faoi cluichí iomána a chuardach i sean-nuachtáin, nó dul sa tóir ar stair do mhuintir, is féidir linn cabhrú leat. Sa stór atá againn tá: Daonáirimh 1901 agus 1911; R.C. an naoú aois déag. Cláir pharóiste agus páipéir áitiúla, idir Finn's Leinster Journal ó 1767 agus Kilkenny People an lae inniu. Tiocfaidh tú ar roinnt comhaid a bhaineann le staidéir áitiúla ginearálta i do bhrainse áitiúil.
Tá leabharlanna ann le haghaidh gach uile dhuine, go háirithe le haghaidh daoine ar beag a gcumas léitheoireachta agus ar mhaith leo a gcuid scileanna a fheabhsú agus le haghaidh daoine nach bhfuil an léamh acu ar chor ar bith. Cabhraímid tríd ár mbailiúcháin Litearthachta agus trí áiseanna a sholáthar do ranganna teagaisc maidir le Litearthacht do Dhaoine Fásta.
Idirlín, www.kilkennylibrary.ie agus Gréasán OPAC etc.
Scaipthe ar na brainsí tá 23 PCanna a bhfuil teacht acu ar an Idirlín. Tá catalóg na Leabharlainne inchorpraithe ar shuíomh idirlín na leabharlainne ag www.kilkennylibrary.ie. Is féidir leis an bpobal an catalóg a chuardach agus féachaint ar na teidil atá molta. Is féidir freisin le baill an phobail féachaint ar a gcuid sonraí cuntais agus rudaí a athnuachan agus a chur in áirithe. Tá Microsoft Word agus Excel ar fáil don phobal freisin ar PC tiomnaithe i ngach brains.
Áis Nua Do Dhaoine a Bhfuil Lagú Súile Orthu etc.
Cuireadh PC le scanóir doiciméid ar fáil do dhaoine a bhfuil lagú súile orthu agus do léitheoirí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu ag Leabharlann Chaisleán an Chomair. Is éard a dhéanann an bog earra - a chuimsíonn Kurzweil 1000 agus 3000, Formhéadaitheoir Zoomtext agus JAWS - cló a athrú go caint, cló a mhéadú, téacs a aibhsiú agus atheagar a chur air de réir mar a fheileann don léitheoir le deacrachtaí foghlama.
Buacphointí 2004
Leabharlann Ghráig Na Manach
Mar chuid de ceiliúradh Graig 800 thug Mary McAleese agus a fear chéile cuairt ar Leabharlann Ghráig Na Manach agus chasadar le baill agus le foireann na leabharlainne. I measc imeachtaí eile sa Leabharlann maidir le Graig 800 bhí Comórtas Ealaíona le haghaidh Páistí agus múrmhaisiú Graig 800 ar péinteáladh i Leabharlann na Páistí é. Ba chuid í den Cheol agus den Chraic Leabharlann Ghráig na Manach nuair a bhí sí ina ceannáras ag Fleadh Cheoil Laighin ón naoú/deichiú Iúil.
Grianghraf ar ócáid Chuairt an Uachtaráin: (Ó Chlé): Declan Macauley, Leabharlannaí Cúnta, Majella Byrne,
A/Cúntóir Sinsearach Leabharlainne, Jim Fogarty, Leabharlannaí Contae, Joan Murphy, Coiste Graig 800 ,
President McAleese, Martin McAleese, Deirdre Joyce, Leabharlannaí Brainse, Helen Breen-Allen
Leabharlann Chaisleán an Chomair
I rith na bliana chas Grúpa Léitheoireachta Pageturners le chéile gach mí sa leabharlann. Ón uair ar bunaíodh é pléadh agus baineadh taitneamh as go leor leabhar. Mar chuid d'Fhéile na Bealtaine, thug Daithi O'Hogain, Ollamh le Béaloideas ag Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath léacht faoin dteideal "Legends and Folklore of Ossory". Sheas an Leabharlann ina hóstach do "Prepare for your Deb's night" an 15 Lúnasa. Bhain foireann na Leabharlainne leas as an ócáid chun an réimse leathan stoic atá sa leabharlann a chuir ar taispeáint, ábhar a bhain le cúrsaí faisin, le cúrsaí cúram gruaige etc, le linn do sciamheolaithe, lucht dearadh éadaí, seodóirí, agus gruaigeoirí taispeántais agus léirithe a dhéanamh. Bhí bhronntanas ar siúl an18 Iúil d'Otharcharr Machaire Chaisleán an Chomair 1940-45. Bhronn Cumann Staire Fassadinin 2 thrófaí agus grianghraf ar Leabharlann Chaisleán an Chomair. Is é brainse áitiúil Fhórsa Cosanta Áitiúil (FCA) Chaisleán an Chomair a bhuaigh iad i gCraobhchomórtas Otharcharr Machaire Cheannasaíocht an Churraigh 1944 agus 1945. Tá siad ar bhuantaispeántas sa Leabharlann. Taispeántas de Thionscadal Choimisiún Béaloidis na Scoileanna Náisiúnta 1939 do Limistéar Chaisleán an Chomair ba ea "Old Days Old Ways" agus an leagan Nua-aimseartha 2004 do Sheachtain na hOidhreachta
Leabharlann na Cathrach
Ar an 10ú Meitheamh bhí an Leabharlann ina hóstach don "Word Aid night" bliantúil, oíche oscailte do mhic léinn áitiúla sa Litearthacht do Dhaoine Fásta agus dá dteagascóirí. Mar ócáid cheiliúrtha Bloomsday, bhí taispeántas faoi James Joyce ar lainseáil a gharnia John Joyce agus bhí crannchur ar son cóip de Ulysses. Is é Jim Fogarty Leabharlainní an Chontae a lainseáil an chéad eagrán de nuachtlitir Leabharlann na Cathrach an 17 Nollaig ag ócáid Caife maidine na Nollag a reáchtáladh le haghaidh custaiméirí.
Lainseáil Nuachtlitir Leabharlann na Cathrach - Grianghraf den Leabharlannaí Contae agus d'fhoireann
Leabharlann na Cathrach ag ócáid lainseála Nuachtlitir Leabharlann na Cathrach. O Chlé: Mary Flannery,
Theresa Downey, Anita Raggett, Caitriona Kenneally, James Fogarty Leabharlannaí Contae agus Kathleen Carroll
Leabharlann an Loch Buí
Mar chuid de cheiliúradh Abbey 100 rinne Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach caint tuisceanach agus bríomhar faoi J.M. Synge agus an Playboy of the Western World an 20 Iúil. Le linn seachtain na hOidhreachta rinne Pat Durcan ó Birdwatch Ireland caint agus taispeántas sleamhnán do ranganna ó scoileanna áitiúla faoin teideal "Wildlife and its Habitat" ag Leabharlann an Loch Buí agus ag Áth na nUrlainn. Bhí Ceistiúchán Oidhreachta ann freisin do pháistí Bunscoile sna brainsí uile.
Leabharlann Áth na Nurlainn
Le World Book Day a cheiliúradh sheas Leabharlann Áth na nUrlainn ina hóstach do History Live Show de chuid Michael Moylan le haghaidh scoileanna áitiúla i Gortnahoe agus Glengoole. Bhí scéalaíocht le Jellybean Julie do pháistí óga ó Bhaile an Gharraí, ó Lios na mBroc, ó Ghlengoole, ó Mhohober agus ó Shliabh Ardach. Bhí tarraingt ar éarlais leabhair ar fiú €20 í i ngach brainse de Sheirbhís Leabharlainne Chontae Chill Chainnigh do gach aon duine a thug cuairt ar an leabharlann an lá sin.
Leabharlann Bhaile Mhic Andáin
I rith mhí na Samhna bhí Leabharlann Bhaile Mhic Andáin ina hóstach ar "The Masterpiece Collection" .i. taispeántas den ghrianghrafadóireacht ghairmiúla is fearr in Éirinn. Bhí gach uile ghrianghraf a bhí ar an ngearrliosta don Masterpiece Award ar thaispeáint - iad réalaithe ag Fuji Photo Film (Ireland) agus an IPPA. Bhí 4 chatagóir ann, Tráchtáil, Portráid agus Bainis.
Leabharlann Challainn
Is é Pobal Camphill a thionscain Tiomsaitheach Chill Chainnigh um Thallann Ealaíon i 1996. Lainseáladh foilseachán dá gcuid Visible Visions ar ócáid cheiliúrtha an 5ú bliain cothrom an lae ar bunaíodh Ionad Ealaíona agus Staidéar KCAT, Callainn. Díríonn an Ionad ar chumas seachas ar mhíchumas agus tugann sé aitheantas don tábhacht atá ag cruthaitheacht agus ag an ealaíon i saol an duine. Is ón gcónaitheoir George McCutcheon a tháinig an inspioráid agus bhí an togra airgeadaithe ag Hoizon AE ar dtús. Bronnadh cóipeanna de Visible Visions ar leabharlann Challainn i mí na Samhna 2004 agus tá cóipeanna le fáil i ngach leabharlann brainse i gCill Chainnigh.
Leabharlannaí Chontae Chill Chainnigh Jim Fogarty, Leabharlannaí Cúnta Brenda Ward, agus Helen Phillips,
Leabharlannaí Brainse Challainn ag glacadh le sraith Leabhar Ealaíne KCAT "Visible Visions" ar son na brainsí leabharlainne uile.
Ar na húdair a scríobh ailt ann bhí Noortje van Deursen, Margaret Walker, Sinead Fahey, Jean Conroy, agus Andrew Pike.
Gníomhaíochtaí do Pháistí
Bhí lear mór Gníomhaíochtaí Samhraidh le haghaidh Páistí ar siúl ag na brainsí leabharlainne uile i gcaitheamh mí Iúil agus mí Lúnasa. Áirítear ina measc siúd: léirithe puipéad, ealaíon iongan, ceardlanna drámaíochta, scéalaíocht, saorlíníocht ar láthair, peannaireacht, déantús frámaí pictiúr, fíodóireacht sailí, Rebus - gan ach roinnt beag a ainmniú. Reachtáladh trí Chlub Leitheoireachta difriúla dírithe ar pháistí ag iarraidh iad a spreagadh chun léimh chomh minic agus chomh leathan ó thaobh ábhair de agus is féidir i rith na míonna saor ó scoil. Ba iad sin "Go Wild with your Reading", "The A-Z Reading Challenge" agus "The Thermonaters -The Heat is on".
Féile Leabhar Páiste 2004
Chomh fada is a bhain sé le leabharlanna i gCill Chainnigh, is le linn an briseadh lárthéarma ó 26 go 29 mí Dheireadh Fómhair a ceiliúradh an fhéile náisiúnta seo. Meascán de scéalaíocht, ceirdeanna, ceistiúcháin, ceardlanna ceol samba, agus ainmhithe - peataí idir ainmhithe fiáine agus ainmhithe coimhthíocha, a bhí so chlár.
Poiblíocht agus Cur Chun Cinn
Ar an Luan 15 Samhain bhí Leabharlann na Cathrach, John's Quay i súile an phobail ar an gclár TV "Read Write Now" á chraoladh ag Network 2. Bhí Cúntóir Sinsearach Leabharlainne Caitriona Kenneally le feiscint ann ag taispeáint do baill na leabharlainne conas cuntas hotmail a fháil ar an Idirlín.
I gcaitheamh na bliana bhí Leabharlainní an Chontae Jim Fogarty agus Leabharlannaithe Cúnta Declan Macauley, Brenda Ward agus Dorothy O'Reilly ar an gclár "Over to you in the studio" ar KCLRFM chun dreas cainte a dhéanamh faoi Sheirbhís na Leabharlainne. Bhí dhá thaispeántas fuinneoige ag Seirbhís na Leabharlainne i Credit Union Naomh Canice .i. taispeántas ar théama Teach agus Gairdín ag am Cásca agus taispeántas Féile Leabhar Páiste i mí Dheireadh Fómhair. Rinne foireann na Leabharlainne cur i láthair freisin maidir le Seirbhís na Leabharlainne do Chuallacht Chumann mná Tuaithe na hÉireann Sevenhouses agus do Mhic léinn Meánscoil na mBráithre Críostaí le haghaidh World Book Day. Bhí seastán ag Seirbhís na Leabharlainne ag an Seo Iverk i mBaile an Phoill ar cuireadh go leor spéise ann.
Cúrsaí Oiliúna D'Fhoireann Leabharlainne
Ghlac baill foirne páirt sna cúrsaí seo i rith na bliana:
- oiliúint Feasachta ar Mhíchumas
- ag Déileáil le Foréigean
- Éascaitheoireacht, Rochtain
- cúrsaí Ealaíon agus Ceirdeanna agus Dathú Éadain.
Staidéir Áitiúla 2004
Ba iad seo a leanas buacphointí na bliana 2004 i réimse na Staidéar Áitiúil/gineolaíochta.
-
Lainseáil Dick Roche an tAire Comshaoil, Oidhreachta, agus Rialtais Áitiúil Céim 2 den Tionscadal Oidhreachta Cultúrtha i mí na Nollag 2004. Ceadaíonn an tionscadal sin do Chomhlachtaí Poiblí a gcuid ghabháltais maidir le réimse na hOidhreachta a scaipeadh agus a chuir ar taispeáint i bhformád digiteach. Bhain iontrálacha Leabharlann Chontae Chill Chainnigh leis na limistéir a leanas:
- George Berkeley ó Dysart Court
- Muintir Tighe agus Eastát Woodstock
- Arboretum Woodstock
- Eastát Woodstock
- Teach Woodstock
Is féidir teacht ar na hiontrálacha ag an suíomh Askabout Ireland ag www.askaboutireland.ie
Cliceáil áiteanna ar an bpríomhleathanach agus téigh go Kilkenny.
-
I 2005 beidh sé Céad Bhliain ó foilsíodh mórshaothar an Chanónaigh William Carrigan - "The History and Antiquities of the Diocese of Ossory". Is ball gníomhach den Choiste atá curtha le chéile leis an ócáid tábhachtach seo a chomóradh Leabharlannaí an Chontae. I measc na ngníomhaíochtaí atá beartaithe do 2005 tá:
- Seiminéar cuimhneacháin sa bhFómhar
- Innéacs do na ceithre imleabhar dá shaothar mór
- Tá gairdín agus séadchomhartha beartaithe ag Baile an Phoill an áit ar rugadh é
Is le cuidiú airgeadú flaithiúil ó Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh a cuireadh na tionscnaimh sin ar bun.
- Bhailigh Leabharlann Chaisleán an Comair eolas faoi bhéaloideas áitiúil i limistéar Chaisleán an Comair ag obair i gcomhar le cúig scoil áitiúla. Bhí an bailiúchán sin ina scáthán ar Bhailiúchán Béaloidis Náisiúnta sna 1930aidí atá anois in Ollscoil na hÉireann, BAC. Tar éis bailiúcháin a dhéanamh de na tionscadail cuireadh ar taispeáint iad agus chuir an Leabharlann i bhfoirm digiteach iad níos déanaí agus dódh ar CD ROM ansin iad do na glúine atá ag teacht. Bronnadh cóipeanna ar gach aon scoil ina dhiaidh sin.
- Fuair an leabharlann ábhar cartlainne a bhain leis an scrios a rinneadh ar Bheairic an Gheata Bháin i 1920. Fuaireamar freisin bailiúchán doiciméad dlíthiúla áitiúla, uachtanna, léasanna etc.
- Fuair an Leabharlann eagráin bhreise den Munster Express ar mhícreascannán freisin. Tá bailiúcháin againn anois ó 1900 go dtí an lá atá inniu ann seachas corr easpaí beaga atá fós ar iarraidh.
- Ó mhí Eanáir 2005 ar aghaidh beidh gach rud a mbaintear úsáid as sa Rannóg staidéar Áitiúil seo againne eisithe ar Chóras uathoibríoch na Leabharlainne. Ligfidh sin dúinn faireachán a dhéanamh ar an úsáid agus na bailiúcháin a mhúnlú de réir riachtanas an phobail.
Staitisticí Leabharlainne 2004:
- 17,634 Iasachtaí Cláraithe
- 307,684 Earraí faighte ar iasacht
- 7,702 Sheisiún ar an Idirlín
Táscairí Seirbhís Leabharlainne 2004
Líon Na N-Earraí Eisithe de Réir Duine Den Dhaonra:
Leabhair | 3.53 |
Earraí eile | 0.3 |
Cultúr
Is Cathair agus is Contae Cill Chainnigh atá ag cur thar maoil le cruthaitheacht, le samhlaíocht, le gliceas agus le scil. Is áit cónaithe é do chuimse daoine agus eagrais lán de thallann agus d'acmhainní a chleachtann na healaíona agus freisin is óstach sinn do raidhse imeachtaí Ealaíon agus féilte gach bliain.
Bliain bhisiúil, bíogúil agus forásach a bhí sa bhliain 2004 ó thaobh na 'dtionscadal' ar tugadh fúthu agus ó thaobh oifig na n-ealaíon féin. Tugadh cuireadh do lucht cleachta na n-ealaíon agus don phobal i gcoitinne bheith páirteach in an-chuid de na himeachtaí.
Athlonnú Oifig na N-Ealaíon
Daingníodh uimhir 72 Sráid Sheáin mar spás nua; is ar shuíomh feiceálach laistigh den Chathair atá sé sa chaoi go bhfuil láithreacht feabhsaithe againn i bhfianaise na cathrach. Is ag leathnú tábhacht agus creidiúnas maidir leis na healaíona atá sé freisin agus is admháil é ar luach na n-ealaíon agus ar a dtionchar ar an tsochaí Cuireann sé ar ár gcumas réimse gníomhaíochtaí agus seirbhísí a eagrú agus a chur ar stáitse lena n-áirítear deiseanna cónaithe, ceardlanna, seimineáir, cúrsaí, taispeántais, agus feabhsaíonn sé cúrsaí maidir le teacht ar chomhaid phoiblíochta, ar irisí ealaíne, agus ar chatalóga le haghaidh mac léinn agus an pobail go ginearálta.
Taispeántais agus Pobal
Taispeántas dá leithéid ba ea "Postcards from the Edge", ceann dár gcuid a cuireadh ar stáitse i nascphasáiste Halla an Chontae. Thugamar cuireadh do gach uile dhuine saothair ealaíne ba chuma meán a ndéanaimh ná an téama, a chur chugainn. B'uafásach mór an freagracht agus fuarthas níos mó ná 4,000 saothar rud a bhréagnaíonn an nóisean nach bhfuil tarraingt ar imeachtaí ealaíne ach ag mionlach ar spéis dóibh iad. Taispeántais eile a raibh Halla an Chontae ina óstach dóibh sa bhliain seo ba ea - "Retrospective" le Daithí Oh Uallachain, "Crying Walls & Singing Trees" le Rosalind Murray agus Deirdre Idemma, "990 + 9" Pictiúir phéinteáilte ag Gabriella Eviston. Is as an gcéad chomhoibriú díreach le Féile Ealaíne Chill Chainnigh i mí Lúnasa a tháinig VERGE. Is "chun aitheantas a thabhairt do líon áirithe ealaíontóirí den chéad scoth atá gníomhach i gCill Chainnigh agus sa dúiche máguaird a bhfuil próifíl níos suntasaí tuillte acu agus ar chóir láthair tiomnaithe a bheith acu laistigh den Fhéile" a tugadh faoi sin. Bhí ceithre ealaíontóir déag áitiúla fógartha i gclár na féile, 2004. Ba iad sin: Ailis Phelan, David Beattie, Jean Conroy, Richard Coghlan, Patrick O'Connor, Steven Aylin, Brigid Teehan Maria Casey agus Alan Raggett ó na stiúideoanna atá i mbaol, Jimmy Meaney, Debra Bowden, Lucy McKenna, Collette O'Brien and Sian Price.
- Chuir uimhir 72 Sráid Sheáin "de fil en aguile" ar stáitse.
- Chaith Etaoin Holahan tréimhse sé seachtaine in uimhir 72 mar chónaitheoir. Chuaigh sí i mbun oibre le baill foirne Halla an Chontae chun stionsail ar mhéid an dhuine féin a dhéanamh díobh. Mar thoradh ar an obair rinneadh taispeántas dar theideal "staff".
- Bhí Amharclann Watergate, gailearaí Thuas Staighre ina hóstach ag 7 dtaispeántas i 2004.
- Chuir an t-Ealaíontóir Saturio Alonso Camera Obscura chun cinn i nGairdíní Woodstock, Inis Tíog, Contae Chill Chainnigh. Bhí sin comh-mhaoinithe ag Oifig na n-Ealaíon agus ag roinn Comhshaoil agus Pleanála an Chomhairle Contae.
Litríocht
Is é Leland Bardwell duine a bhfuil cáil mór air a d'fhoilsigh agus a rinneadh eagarthóireacht ar an gcúigiú eagrán den Kilkenny Poetry Broadsheet. Is é an aidhm atá leis na foilseacháin sin ardán a thabhairt do scríbhneoirí áitiúla le saothar dá gcuid a chur i láthair. Bhíomar in ár n-óstach freisin ag imeachtaí líonra do scríbhneoirí áitiúla agus dóibh siúd ar spéis dóibh na healaíona lena chur ar a gcumas naisc a chruthú maidir le caidreamh agus maidir le dul i gcuideachta agus cur agus cúiteamh a dhéanamh faoina gcuid chleachtas agus faoi na nithe ar spéis leo féin agus faoi chleachtais daoine nach iad.
Drámaíocht
I mí Feabhra taispeánadh Digger Doc agus Dee-Dee léirithe ag Barnstorm in Amharclann Watergate. Ba chóir go mbeadh sé mar chuid d'oideachas gach páiste taithí a fháil ar dhrámaíocht d'ardchaighdeán cosúil le léiriúcháin Barnstorm. Thug Oifig na n-Ealaíon fordheontais do roinnt Scoileanna atá bunaithe sa Chontae le go mbeadh siad in ann freastal ar an léiriúchán seo.
Fuair an Compántas Drámaíochta Red Kettle airgeadú chun cabhrú leo i gcamchuairt ar scoileanna a rinneadar i 2004.
Ceol
Chan an Cór Aireagail Náisiúnta i Teach Butler agus chun Duiske 800 a cheiliúradh bhíothas ina óstach i mí an Mheithimh ar 800 coirm cheoil lena n-áirítear Finghan Collins, piano - Na Casaidigh, Sean O Se, Paddy Glackin agus Leonard Barry agus cairde - An Cór Goethe, Peter Prendergast, Christy Bolger. Lean Sraith Duiske na Samhna agus thug Michael Collins, Cara O'Sullivan, Cór na n-Óige Cheatharlach agus Donal Lunny cuairt ar Ghráig na Manach i 2004. Bhí Club Ceoil Chill Chainnigh ina óstach ar shraith bhliantúil coirmeacha ceoil dá gcuid ar a n-áirítear Camerata, Siobhan Armstrong cruit agus Brid Ni Mhaoilchiarain, Amhránaí ar an sean-nós.
Taispeánadh "The Cabinet of Dr Caligari" ar scannán sa Parade tower, Caisleán Chill Chainnigh ócáid ag ar sheinn an ensemble 3epkano atá bunaithe i mBaile Átha Cliath fuaimrian nua a chumadar féin.
Forbairt Ghairmiúil agus Stiúideoanna
Maidir lenár stiúideoanna, ionaid chónaithe agus clár Forbartha Gairmiúil, fuair Oifig na n-Ealaíon ceadúnas daingnithe ó Chesterbridge Developments Ltd sa chaoi is go mbeadh siad in ann stiúideoanna a ligean amach, ar suíomh ar bhóthar Hebron ar le Chadwicks níos luaithe é. Is tionscadal fíor-rathúil é seo a bhfuil trí chinn d'ionaid chónaithe ionchorpraithe ann le haghaidh mac léinn, lena n-áirítear Coláiste na hEalaíne Ormonde, an Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha agus mic léinn ó K.C.A.T. D'eagraíomar freisin ócáid stiúideo oscailte do bhaill an phobail. Sula ndeachamar as seilbh an tsuímh i mí na Nollag bhí naoi n-ealaíontóir déag lánaimseartha ina gcónaí ann. Cé go rabhadar ar chéimeanna an-difriúla maidir lena ngairm bhí rath agus bláth ar a gcuid ghníomhaíochtaí sa spás úrnua seo. Chuir na healaíontóirí agus an t-oifigeach ealaíne suíomh idirlín chun cinn freisin; www.endangeredstudios.com
Taispeántas "Endangered" ag spás nua oifig na n-ealaíon, Lúnasa 2004
Bhí KCAT ina óstach ar chomhdháil ealaíne agus cuimsitheachta i gCallainn nuair a rabhthas ag féachaint ar cheist thionscadal ealaíne maidir le riachtanais speisialta san am atá thart, san lá atá inniu ann agus san am atá romhainn in Éirinn agus sa chuid eile den Eoraip. Bhronnamar sparánachta ar ealaíontóirí lena chur ar a gcumas teacht sa láthair. Is sinn-ne freisin a bhí ag riar dhá sparánacht a gcuirfeadh ar chumas cleachtóirí freastal ar Ionad Tyrone Guthrie i 2004. Bhí an oiread tóir ar an gcúrsa ullmhúchán portfóilió bliantúil agus a bhí riamh. Thar tréimhse an dá lá fuair na Mic Léinn Comhairle agus Taithí i leith Portfóilió faoi Shaorlíníocht an Bheo le cúnamh agus treoir a thabhairt dóibh agus iad á n-ullmhú féin le haghaidh Coláiste Ealaíne. Eagraíodh ceardlann cló adhmaid Seapánach agus ritheadh í i Muileann Grennan, Baile Mhic Andáin. Tairgeann an Oifigeach Ealaíne comhairle freisin do chleachtóirí ar bhun duine ar dhuine.
Taifeadtaí ceol agus fuaim ag Stewart Lyons sna stiúideoanna i mbaol, Mí Dheireadh Fómhair 2004
MOOT
Sraith dhíospóireachtaí comhléirithe ag Oifig na n-Ealaíon agus ag Gailearaí Butler a bhaineann le saincheisteanna Ealaíon na linne . Is as an gcomhoibriú cruthaitheach agus bisiúil seo a tháinig díospóireachtaí bríomhara inspioráideacha a bhí dírithe ar spriocanna a d'athraigh meoin agus a thug suntas d'athruithe maidir le smaointe, le creideamh agus le gníomh an duine. Is iad na spriocghrúpaí a bhí againn go dtí seo an pobal i gcoitinne, ealaíontóirí, léirmheastóirí, mic léinn, lucht an oideachais etc. Tá sraith eile d'imeachtaí MOOT ar na bacáin don bhliain 2005.
Deontais Gníomhú Ealaíon
Dáileadh amach 22 Dheontas Gníomhú Ealaíon ar dhaoine aonaracha agus ar ghrúpaí agus eagrais sa phobal atá ag cabhrú chun na healaíona a chur chun cinn i réimsí éagsúla cleachtas ealaíne.
Síntiúis do Chomhlachtaí Eile
Tugann Oifig na n-Ealaíon tacaíocht agus síntiúis do chomhlachtaí eile - Teach Rothe, Amharclann Watergate, Compántas Drámaíochta Barnstorm agus Féile Ealaíne Chill Chainnigh.
Plean Straitéiseach na N-Ealaíon
Próiséas leanúnach i 2004 ab ea cur chun cinn Straitéis na n-Ealaíon do Chill Chainnigh. Is rud tábhachtach dúinn-ne mar phobal agus dár ngeilleagar an fís atá againn maidir le cur chun cinn na n-Ealaíon i gCill Chainnigh. Ar na forbartha bhí comhairliúchán poiblí leathan dírithe ar an bpobal i gcoitinne Thugamar aghaidh ar ionaid oibre, ionaid fhóillíochta, ionaid siopadóireachta, oifigí poist, leabharlanna, séipéil, ar mháinliachtaí dochtúra agus fiaclóra, ar ionaid phobail agus ar choláistí, ag tabhairt ar bhord i gcónaí dearcadh an pobal i gcoitinne. Tá comhairleoir fostaithe chun ciall a bhaint as freagrachtaí agus as torthaí na gcruinnithe agus rinneadh taighde roimh agus i ndiaidh an chomhairliúcháin. Is uirlis riachtanach an Straitéis sin do Chill Chainnigh chun an fís maidir leis na hEalaíona laistigh agus lasmuigh den Chathair agus den Chontae a chur chun cinn. Chuirfidh sé creat le fáil ina bhféadfaidh na healíona teacht chun cinn agus i mbláth amach anseo. Má chuireann Cill Chainnigh agus daonra Chill Chainnigh an dua orthu féin infheistiú a dhéanamh i bhfoirm machnaimh ní féidir gan sochar a bhaint as cur chun cinn agus cur i bhfeidhm na straitéise seo. Is rud tábhachtach daingniú agus cur chun cinn na nEalaíon go sonrach do dhaoine aonaracha agus d'eagrais atá bainteach leis na healaíona ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus chomh maith leis sin do ghrúpaí pobail, do ghnóthaí áitiúla agus don phobal i gcoitinne. Cuireadh forbairt na Straitéise faoi bhráid an Choiste CPS 5 go tráthrialta. Táthar ag súil leis go mbeidh toradh le feiscint i 2005 ar an taighde, ar na fiosrúcháin agus ar na cruinnithe coiste a rinneadh.
Oidhreacht:
Is é ról an Oifigeach Oidhreachta:
- Feasacht ar, agus oideachas faoi oidhreacht a chur chun cinn.
- comhairle agus eolas faoi shaincheisteana oidhreachta a chur ar fáil.
- an fheidhm maidir le hoidhreacht laistigh den chontae a bhainistiú ar mhodh straitéiseach agus comhordaithe.
- polasaithe agus tosaíochtaí a chur chun cinn chun oidhreacht Chill Chainnigh a aithint, a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú.
- Fóram Oidhreachta a chur ar bun agus oibriú leis i ndáil le hullmhúchán agus le cur i bhfeidhm Plean Oidhreachta Contae.
Éachtaí a Rinne an T-Oifigeach Oidhreachta:
Oideachas agus Feascht Oidhreachta
- Seimineáir eagraithe (x3) agus turas amuigh faoin aer do ghrúpaí na mBailte Slachtmhara agus do ghrúpaí oidhreachta in éindí le BNS LEADER chun comhairle a chur ar fáil maidir leis an gcleachtas is fearr chun an oidhreacht foirgnimh, nádúrtha agus cultúrtha a bhainistiú.
- Comórtas Pride in Place eagraithe ar fud na tíre in éindí le BNS LEADER chun an cleachtas is fearr maidir leis an oidhreacht nádúrtha agus foirgnimh a chur chun cinn agus a spreagadh i mbailte agus i sráidbhailte timpeall an chonta.
- Comhairle Oidhreachta curtha chun cinn i gClár na Scoileanna.
- Gníomhaíochtaí Seachtain na hOidhreachta chomhordaithe agus curtha chun cinn ar fud an chontae.
- Páirt Chomhairle Contae Chill Chainnigh sa chomórtas Pride of Place de chuid Chomhoibriú Náisiúnta Éireann comhordaithe.
- "Bat Walk & Talk" eagraithe i nGráig na Manach mar chuid de cheiliúradh Graigue 800.
- Ionchur i bpróiseas Agenda 21.
Polasa í Oidhreachta
- Ag tuairisciú do Choistí Polasaí Straitéisigh 5 (Ealaíona, Cultúr, Oidhreacht, Turasóireacht agus Oideachas) maidir le tionscadail oidhreachta agus le clár.
- Ionchur i ngnéithe oidhreachta de Phleananna Limistéir Áitiúil (Baile Héil, Cnoc an Tóchair, Inis Tíog, Béal Átha Ragad, Baile Phóil, Áth Stúin, Muileann an Bhata, Sliabh Rua)
Tionscadail Bhainistíocht Oidhreachta Fisiciúla
- Staidéar Féidearthachta Comhordaithe le haghaidh Áise Cultúrtha Comhtháite atá molta ag comhcheangal iarsmalann agus gailearaí comhaimseartha.
Bainistíocht Oidhreachta
- Caidreamh ar bhonn leanúnach le hEaglais na hÉireann agus leis an gComhairle Oidhreachta maidir le cur i bhfeidhm Plean Caomhnaithe Séipéil agus Reilig Naomh Muir.
- Caidreamh ar bhonn leanúnach le Teach Rothe chun polasaithe atá rianaithe sa Phlean Caomhnaithe agus sa Phlean Gnó a cur i bhfeidhm.
- Ionchur ar bhonn leanúnach maidir le Coiste Athchóirithe Teach agus Gairdín Teach Rothe chun an t-athchóiriú ar an ngairdín mheánaoisigh atá molta a stiúradh.
- Comhairle a sholáthar ar bhonn leanúnach do phobail/dhaoine aonaracha atá ag cur chun cinn tionscnaimh agus áiseanna oidhreachta.
- Caidreamh le Comhairle Oidhreachta i leith Phlean Caomhnaithe an Bhaile Nua, Seireapúin.
- Ionchur maidir le Plean caomhnaithe Bhallaí Chill Chainnigh a chur i bhfeidhm.
- Ionchur maidir le gnéithe oidhreachta de Bhealach Siúlóide an Fheoir atá molta arna chomhordú ag BNS LEADER
- Caidreamh le clár an Fhardail Náisiúnta den Oidhreacht Ailtireachta (Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil) maidir le fardal oidhreacht ailtireachta do Chill Chainnigh atá á dhéanamh ar bhonn leanúnach.
- Ionchur ar bhonn leanúnach maidir le bainistíocht an Limistéar Oidhreachta Náisiúnta atá molta i Fen na Páirce Nua.
Eala Balbh (Cygnus olor) Éan dúchais i gCill Chainnigh |
Muileann Gaoithe i gCeanannas |
Róibín Gioballach (lychnis flos-cucili) Bláth fiáin dúchais i gCill Chainnigh |