Seirbhís Dóiteáin
Glaodh amach ar an seacht mbriogád dóiteáin de chuid Seirbhís Dóiteáin Chill Chainnigh níos mó ná 1000 uair i 2004. Ar an meáin thóg sé 5.9 nóiméad ón uair a fuarthas an glaoch chun an inneall dóiteáin a réiteach chun bealaigh. I 41.24% de chásanna éigeandála bhí an tseirbhís dóiteáin ar an láthair 10 nóiméad nó níos lú tar éis glaoch a chur uirthi, i 47.44% de chásanna 20 nóiméad nó níos lú agus i 11.94 cás thóg sé níos mó ná 20 nóiméad.
Tharla dhá thine mhóra sa chontae i 2004. I mí Feabhra bhí tine mór ag Bergin's Meat Plant gar do Áth na nUrlainn a raibh 4 bhriogáid dóiteáin as Chill Chainnigh agus ceann as Dúrlas Éile ag iarraidh a smachtú. I mí Dheireadh Fómhair bhí tine mhór in ionad stórála brat urláir ag Eastát Tionsclaíoch Hebron i gCill Chainnigh a raibh 4 bhriogáid as Chill Chainnigh ag iarraidh a smachtú.
Tine Mhór ag Eastát Tionsclaíoch Hebron
Ar feadh dhá uair an chloig déag bhí níos mó ná 20 fir dhóiteáin ó Chathair Chill Chainnigh, ó Achadh Úr agus ó Challainn ag iarraidh an tine a smachtú (4 fhearas caidéil agus 1no HP and 1no Iompróir Umar Uisce) ag baint úsáid as gléas anála agus 5 scaird. A bhuíochas na bhfear dóiteáin ag obair ar a míle dícheall tugadh cosaint ón tine d'fhoirgnimh sa chóngar agus d'umair ola ina aice.
Oiliúint
Bhí an oiliúint seachtainiúil do na fir dhóiteáin ar siúl ar bhonn rialta mar is ghnáth.
De bhreis reáchtáladh na bloc-chúrsaí oiliúna seo a leanas:
- Cúrsa Athnuachana Gléas Anála
- Cúrsa Athnuachana Ginearálta maidir le hobair an Fhir Dhóiteáin - sábháilteacht agus feasacht ar uisce á reáchtáil ag Eagraíocht Shábháilteacht Uisce na hÉireann.
D'fhreastail líon áirithe oifigeach (idir shóisearach agus shinsearach) ar chúrsaí speisialta a reáchtáil Cumann na Seirbhísí Dóiteáin.
Bhronn D.C.U. MBA i Riarachán Gnó ar John Collins A.C.F.O.
D'oscail an tAire Martin Cullen T.D an stáisiún dóiteáin nua i gCallainn i mí an Mhárta 2004. Fuarthas faomhadh na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil tairiscintí a lorg le haghaidh an stáisiúin dóiteáin nua in Achadh Úr. Fuarthas faomhadh freisin maidir le ceannach Ardáin Hiodrálach nua 23 méadar ar airde le bheith bunaithe i Chathair Chill Chainnigh. Tá doiciméid maidir leis an tairiscint faighte agus moladh curtha go dtí an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.
An tAire Martin Cullen ag nochtadh plaic cuimhneacháin i Stáisiún Dóiteáin Challainn ag am a oscailte.
(On lámh Chlé) An Comhairleoir Tom Maher, an tAthair Willie Dalton, John McGuinness T.D., Liam Aylward T.D. Aire Sóisearach,
Martin Cullen T.D. Minister, Bobby Aylward Cathaoirleach na Comhairle Contae, Michael Malone Bainisteoir Chontae,
Tom Gunning Stiúrthóir Seirbhísí, Ciaran Cormican Príomhoifigeach Dóiteáin.
An tAire Martin Cullen á chur in aithne do Gharda Onóra Bhriogád Dóiteáin Challainn
Sábháilteacht ó Dhóiteán
Bhí páirt nach beag ag an tseirbhís dóiteáin i líon áirithe d'imeachtaí tábhachtacha i rith na bliana. Seo iad: Coirm cheoil James Taylor; Taispeántas Bhaile an Phoill; Seachtain Ealaíona Chill Chainnigh; Gailf American Express ag Mount Juliet (Garrán an Bhatúnaigh)
Próiseáladh 238 dTeastas Sábháilteachta ó Dhóiteán ina iomláine agus rinneadh imscrúdú ar áitribh éagsúla faoi reachtaíocht éagsúil.
Ainmníodh A.F.O. nua chun dul i mbun dualgas maidir le sábháilteachta ó dhóiteán den chuid is mó.
Ag am Nollag bhailigh F.S Chill Chainnigh agus Seirbhís Otharcharr S.E.H.B. níos mó na €8,000 ar son dhá charthanas áitiúla agus i gcaitheamh na bliana bhailigh an tSeirbhís Dóiteáin níos mó ná €13,000 ar son Rehab.
Fórsa Cosanta Sibhialta Chill Chainnigh
2004 Staitisticí
Neart Aonaid Chláraithe | 75 |
Costas Iomlán Chór na n-Óglach don Údarás Áitiúil | 0.85 in aghaidh an lae |
Méid iomlán Imeachtaí Tacaíochta Pobail | 19 |
Méid iomlán Laethanta Oibre Tacaíochta Pobail ag Óglaigh | 120 |
Méid Iomlán oícheanta Oiliúna | 60 |
Méid iomlán Pearsanra ag freastal ar oícheanta Oiliúna | 590 |
Méid Iomlán Cleachtas Oiliúna | 15 |
Méid iomlán Laethanta Oibre Cleachtais Oiliúna ag Óglaigh | 200 |
Méid Iomlán glaonna amach Éigeandála Oibríochta | 3 |
Príomhimeachtaí i 2004
- An Cúigiú Siúlóid Charthanais Bliantúil ar Chnoc Bhréandail do 40 Pearsanra.
- D'fhreastail triúr ball ar Mhodúl 1 Ceannaireacht i nDún Garbháin.
- D'fhreastail Cúigear Ball Déag ar Chleachtas Náisiúnta i gCiarraí.
- D'fhreastail dhá Bhád agus foirne na mbád ar shnámh Urraithe Bliantúil Cheann Heilbhic.
- Cleachtas thar oíche Idirbhliana Choláiste Grennan sna Staighre Dúbha.
- D'fhreastail baill ar dhruil Chaidéil Réigiúnach i gCathair Phort Láirge.
- D'fhreastail dhá Fhoireann Bháid ar Chleachtas Báid Náisiúnta i Loch Garman.
- Glao amach éigeandála ó Ghardaí chuig tragóid Abhann i Tigh Moling.
- Glao amach éigeandála ó Údarás Áitiúil chuig Grúdlann Smithwicks.
- Freagairt Éigeandála i gcás díleann i Limistéar Ghleann an Fheoir.
- Oiliúint Chaidrimh idir lárionaid Bhéal Átha Ragad agus Darú.
- Tacaíocht Phobail ag Cór Otharcairr ar bhonn leanúnach coinnithe.
Mar chuid de chur i bhfeidhm an Chéad Chéim de Phlean Forbartha Cosaint Shibhialta ceannaíodh Cultacha Tirime nua, Inneall amuigh Honda 30 éach-chúmhacht, fearas A.F.S. agus leantóirí Tarrthála. Cuirfidh an fearas sin go mór le héifeachtúileacht oibríochtúil Chosaint Sibhialta Chill Chainnigh.
Sholáthair Seirbhís Dóiteáin Chiarraí inneall Dóiteáin Dennis; tá sé sin feistithe amach ina iomláine anois agus tá comhoiliúint ar siúl le Fórsa Cosanta Sibhialta Laois.
Sábháilteacht Uisce
Tar éis Cruinniú Ginearálta Bliantúil Choiste Sábháilteacht Uisce Chill Chainnigh i mí Márta chuathas ar aghaidh ar iomlán gaile le flóta i Siúlóid Lá Fhéile Pádraigh. Ba léir gur bealach an-éifeachtach é sin chun poiblíocht mhaith a fháil le haghaidh feasacht shábháilteachta. D'éirigh thar chionn freisin leis an bhflóta a bhuaigh an chéad duais sa roinn Ghrúpa Pobail.
Bhí an oiliúint le haghaidh maor snámha faoi lán seoil ó Eanáir go Bealtaine. Bhain 45 maoir shnámha cáilíocht amach agus thug Bobby Alyward Cathaoirleach Chomhairle Contae Chill Chainnigh na teastais amach ag ócáid i Halla an Chontae ar tugadh cuireadh do na maoir shnámha agus dá gcuid tuismitheoirí freastail uirthi. Chuaigh naonúr maor snámha ar aghaidh leis an oiliúint agus fuair fostaíocht le Comhairle Contae Chill Chainnigh ar na haibhneacha i gCill Chainnigh le linn an tSamhraidh. Fostaíodh maoir shnámha freisin le linn Comórtas Gailf American Express i Mount Juliet (Garrán an Bhatúnaigh).
Bhí ranganna snámha agus tarrthála ar siúl le linn an gheimhridh agus an tsamhraidh. Le linn an tsamhraidh ba iad láithreacha ar na haibhneacha ag Baile Mhic Andáin agus ag Gráig na Manach a roghnaíodh, agus bhí ranganna do ghrúpa ón gcathair i Linn Snámha James Stephen's. Is sa linn snámha freisin a bhí na ranganna ar siúl le linn an gheimhridh nuair a bhí suas go 150 daoine idir dhéagóirí agus daoine fásta ag freastail ar ranganna istoíche gach Luan.
Léirigh iomaitheoirí a gcuid scileanna thar na blianta ag leibhéal náisiúnta agus níor leo ab fhaillí an bhliain seo nuair a choinnigh an fhoireann sóisearach an chéad áit. Reáchtáil an Méara Martin Brett fáilte cathartha i bparlús an Mhéara, ócáid a mbreathnófar siar uirthi go deo le mórtas. Tugadh cuireadh d'fhoirne sinsearacha tar éis roinnt sáréachtaí leithleacha.
Tar éis na dtoghchán áitiúil ainmníodh comhairleoirí nua don Choiste Limistéir. Ba iadsan an Comhairleoir Pat O'Neill, an Comhairleoir Ann Phelan, an Comhairleoir William Ireland, an Comhairleoir Andrew McGuinness agus an Comhairleoir Paul Cuddihy. D'fhan na Comhairleoirí Tommy Brennan agus John Coonan ar an gcoiste; tá Tommy ar an gcoiste le níos mó ná 30 bliain.
Bhí an measúnú leanúnach ar na hoibreacha ar an Fheoir ar na cinn is tábhachtaí ó thaobh an phobail de den iliomad tionscadal ar thug an Coiste Sábháilteacht Uisce fúthu. Ba í Eddie Hoyne an fear le fórsa ach bhí cúltaca aige ó bhaill an choiste uile lena n-áirítear Oifigeach Sábháilteacht Uisce Chomhairle Contae Chill Chainnigh Kim Kinsella agus Baill na Comhairle ar an gcoiste. Nuair a bheidh na hoibreacha tugtha chun críche déanfaidh Cumann Sábháilteacht Uisce an measúnú riosca iomlán ar limistéar an Fheoir agus an Bréagagh.